Ach féachaigí orm, anois, le bhur dtoil. Ar ndóigh ní inseoidh mé bréag le bhur mbéal!
An ndéanfaidh na briathra a spalpann tú daoine a chur ina dtost? An ndéanfaidh tú fonóid, gan duine do do bhréagnú?
Maidir libhse, níl ionaibh ach lianna bréige; Lucht leighis gan tairbhe sibh go léir!
Muran mar sin atá, cé a chruthóidh gur thugas m'éitheach, Nó cé a thaispeánfaidh nach fíor iad mo ráite?
Ní labhróidh mo bheola focal éithigh go brach Ná ní thiocfaidh bréag as mo bhéal!
Fogróidh mo chroí briathra eagnaí Agus labhróidh mo bheola le lándáiríre.
Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de, Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.