Tugaigí teagasc dom, agus beidh mé i mo thost; Taispeánaigí dom cá ndeachaigh mé amú.
Déarfaidh mé le Dia: Ná daor mé! Ach cuir in iúl dom an chúis atá agat i m'aghaidh.
Cé mhéad coir agus peaca a rinne mé? Inis dom mo locht agus m'éagóir.
Bhí mise ag éisteacht le bhur mbriathra, Agus cluas agam do bhur ráite gaoise; Fad a bhí sibh ag cuartú focal le freagairt,
Éist le mo bhriathra, a Iób, Agus tabhair cluas do m'fhocail go léir!
Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”
Féach, rinneamar é seo a iniúchadh; mar sin atá; Éist leis; tabhair aird go maith air.
Nó: “Fuasclaigí mé ó láimh an namhad.” Nó: “Saoraigí mé ó ghreim na dtíoránach!”?
Nach bríomhar iad briathra ionraice! Ach cén tairbhe ceartú uaibhse?
Múineann siad eolas do do ghiolla; is cúis luaíochta a gcomhlíonadh.
Tabharfaidh mé teagasc agus múinfidh mé an tslí is triallta duit. Tabharfaidh mé comhairle agus eolas duit; coimeádfaidh mé súil ort.
Fáinne óir nó ornáid d'ór fíre, sin mar atá ceartú críonna i gcluais a éisteann.
Tabhair [teagasc] don eagnaí agus beidh sé níos eagnaí fós; múin an fíréan agus beidh sé níos léannta fós.
Bíodh a fhios agaibh an méid seo, a bhráithre ionúine: tugadh gach duine cluas le héisteacht le fonn, ach bíodh sé mall chun cainte agus mall chun feirge,
Is iomaí slí ina bpeacaímid go léir agus an té nach bpeacaíonn ó bhriathar is duine foirfe eisean, agus é ar a chumas an cholainn ar fad a shrianadh.