Níl cabhair fágtha ionam, Agus d'imigh gach tuiscint uaim dá réir sin.
An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm!
Anois ghoin mo chara cumainn mé Agus ciapann mo chuideachta go léir mé.
Sibhse a deir: “Cén chaoi a rachaimid sa tóir air? Cén leithscéal atá againn ina aghaidh?”
Nach breá an chabhair a thug tú don lag! Nach mór an fhuascailt a rinne tú ar an ngéag thláith!
Nach maith an chomhairle a thug tú don aineolach! Agus an misneach don lagmhisniúil.
An é neart na gcloch mo neart? An cré-umha í m'fheoil?
Is é seo ár gcúis mhórála: fianaise ár gcoinsiasa go raibh ár n‑iompar de réir naofacht agus ionracas Dé os comhair an tsaoil, go háirithe inár gcaidreamh libhse; agus ní ar eagna dhaonna a bhíomar ag brath ach ar ghrásta Dé.
Déanadh gach duine a shaothar féin a thástáil, agus ansin beidh rud éigin dá chuid féin amháin aige le maíomh as in ionad cuid duine eile.