Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 5:8

An Bíobla Naofa 1981

Uime sin is chun Dé a ghairmfinn Agus is dó a nochtfainn mo chúis;

Féach an chaibidil Cóip

16 Tagairtí Cros  

Má chuireann tú do chroí in ord, Agus do lámha a leathadh chun Dé -

An ní is eol daoibhse, is eol domsa freisin; Níl an tosach agaibh orm!

Ba mhian liom labhairt leis an Uilechumhachtach; B'áil liom áiteamh le Dia.

Déan réiteach le Dia agus bíodh síocháin agat Agus rachaidh sin go mór i dtairbhe duit.

Guífidh tú chuige, agus éistfidh sé leat, Agus comhlíonfaidh tú do mhóide.

Má théann tú faoi choimirce Dé, Agus achainí a dhéanamh chuig an Uilechumhachtach,

Taobhaigh do shlí leis an Tiarna; cuir do dhóchas ann agus déanfaidh sé beart

Glaoigh orm ansin in am na hanacra; saorfaidh mé thú agus tabharfaidh tú urraim dom.”

Ach, a Thiarna na Slua, is tú an breitheamh cóir, is tú a scrúdaíonn na háranna agus an croí; feicimse do dhíoltas orthu, mar is i do lámha a chuir mé mo chúis.

Sin é an fáth a bhfuil na nithe seo le fulaingt agam; ach ní náir liom iad mar go bhfuil a fhios agam cé air a bhfuil mo sheasamh: agus táim cinnte de go bhfuil ar a chumas an taisce a d'fhág sé faoi mo chúram a ghardáil go dtí an lá úd.

Nuair a caitheadh achasán leis níor chaith sé achasán ar ais; nuair a bhí sé ag fulaingt ní dhearna sé bagairt, ach d'fhág sé a chúis faoin té a thugann breith go cóir.

An mhuintir a fhulaingíonn dá bhrí sin de réir thoil Dé, déanaidís an ceart agus cuiridís cúram a n‑anama ar an gCruthaitheoir dílis.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí