agus féach! tháinig gaoth mhór anall thar an bhfásach agus bhuail ceithre chúinne an tí i dtreo gur thit sé anuas ar na daoine óga gur éagadar uile, agus nár tháinig fear inste scéil as ach mise amháin.”
Is aoibhinn go deimhin don fhear, a líon a thruaill leis na saigheada sin, óir ní bhfaighidh an té sin náire, agus é ag aighneas lena naimhde sa gheata.
Ná sléacht rompu agus ná déan iad a adhradh. Óir is Dia éadmhar mise, an Tiarna do Dhia, agus déanaim coir an athar a agairt ar an gclann mhac, agus ar chlann a chlainne go dtí an ceathrú glúin díobh siúd ar fuath leo mé,
Óir is eol domsa iomad bhur gcionta agus méid bhur bpeacaí; sibhse a chiapann na fíréin, a ghlacann an bhreab, a chaitheann an dearóil ar leataobh sa gheata.
Ní miste don mharfóir teitheadh go dtí ceann de na cathracha seo; seasadh sé ag an mbealach isteach trí gheata na cathrach agus míníodh sé a chás do sheanóirí na háite. Tabharfaidh siad isteach sa chathair ansin é agus tabharfaidh siad áit chónaithe dó ina measc.