Beidh an mac tíre agus an t‑uan ag iníor le chéile, íosfaidh an leon cochán ar nós na mart, agus beathóidh an nathair í féin le deannach. Díth ná dochar ní dhéanfar níos mó ar mo shliabh beannaithe ar fad, a deir an Tiarna.
Déanfaidh mé conradh síochána leo agus díbreoidh na hainmhithe allta ón tír, ionas gur féidir leo cur fúthu gan bhaol san fhásach agus codladh sna coillte.
Tabharfaidh crainn na tuaithe a dtoradh agus an talamh a biseach, agus beidh siad gan bhaol ar a bhfód dúchais. Tuigfidh siad gur mise an Tiarna nuair a scaoilfidh mé ceangal a gcuinge agus iad a fhuascailt ó lucht a ndaoirse.
Tabharfaidh mé síocháin in bhur dtír, agus beidh codladh agaibh gan baol ó aon duine. Cuirfidh mé an ruaig ar ainmhithe allta as an tír; ní ghabhfaidh an claíomh thar bhur dtír.