- beidh a chónaí siúd san aird thuas, dún suite ar charraig is ea a thabharfaidh dídean dó, soláthar cinnte aráin aige, agus uisce nach dtéann i ndísc.
Ansin d'ordaigh Zidicíá an rí go gcuirfí Irimia i láimh i gCúirt an Gharda agus go dtabharfaidís dó gach lá bollóg aráin as Sráid na bhFuinteoirí chomh fada agus a bheadh arán fágtha sa chathair. Mar sin d'fhan Irimia i gCúirt an Gharda.
Déanfaidh mé thú a fhuascailt go cinnte; ní thitfidh tú leis an gclaíomh; beidh d'anam mar éadáil agat, de bhrí gur chuir tú do dhóchas ionamsa - an Tiarna a labhraíonn.’ ”
Fuascloidh mé ó chumhacht Sheól iad; Sábhálfaidh mé iad ón mBás. Cá bhfuil do ghathanna, a Bháis? Cá bhfuil do chealg, a Sheól? Ceilfear uirthi áfach an trua atá agam di.
Óir ní thiocfaidh an crann fígí i mbláth; ní bheidh caor le fáil ar na fíniúna; rachaidh de thoradh an chrainn olóige; ní thabharfaidh na goirt aon bhia; ní fhágfar caora sa chró nó bó ar bith sa bhuaile.
Cluinfidh sibh cogaí agus caint ar chogaí; seachnaígí agus ná glacaigí scéin, óir ní foláir an uile ní a theacht chun cinn, ach ní hé an deireadh fós é.