an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine.
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.
Ní dúirt siad ina gcroí: ‘Seo anois, bíodh eagla an Tiarna, ár nDia orainn; tugann sé fearthainn go luath, agus go déanach gach bliain go tráthúil, coimeádann dúinn seachtainí cinnte an fhómhair.’
Choinnigh mé uaibh an fhearthainn fosta, agus an fómhar trí mhí fós ar shiúl; thug mé air fearthainn a chur ar chathair amháin agus gan a chur ar chathair eile; bhí sé ag cur ar pháirc amháin agus an pháirc nár tháinig fearthainn uirthi chríon sí.
ach níor fhág sé riamh iad gan fhianaise air féin; as a rathúnas sheol sé báisteach chugaibh ón spéir agus torthaí i dtráth agus líon bhur gcroí de bhia agus d'áthas.”