“Cé hé seo a cheileann comhairle Le briathar gan eolas?” Uime sin a dúirt mé nithe nár thuig mé, Nithe ró-iontacha narbh eol dom iad.
An féidir duit teorainn Dé a shroicheadh Nó ciumhais an Uilechumhachtaigh a bhaint amach?
Is faide é a thomhas ná an domhan, Is fairsinge é ná an fharraige.
Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn! Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.
Cé hé seo atá ag dorchú mo bheartas Le focail gan stuaim gan éifeacht?
(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)
Amhrán Oilithreach. Le Dáiví. 1 Níl mo chroí i mborr le mórtas, a Thiarna; níl mo shúile go huaibhreach. Ní mó go bhfuil mo dhúil i nithe móra, a théann thar m'acmhainn.
Is ró-iontach, ró-uasal liom an t‑eolas seo; agus téann sé thar m'acmhainn a thuiscint.
Is aoibhinn don té a chuireann a dhóchas sa Tiarna; an té nach gcloíonn le huaibhrigh ná le déithe bréige.