Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.
“Is éachtach mar a bheannaigh an Tiarna mo mháistir; is an-saibhir an fear anois é. Thug sé dó táinte agus tréada, airgead agus ór, daoir agus daoirseacha, camaill agus asail.
Nach ndearna tú féin fál ina thimpeall agus i dtimpeall a thí agus i dtimpeall a bhfuil aige ar gach taobh? Bheannaigh tú saothar a lámh agus mhéadaigh a mhaoin sa tír.
Méadóidh mé idir dhaoine agus ainmhithe oraibh; fásfaidh siad agus beidh breis orthu. Cuirfidh mé líon daoine oraibh mar a bhí i gcéaduair; déanfaidh mé sibh níos rathúla ná mar a bhí anallód, agus tuigfidh sibh dá bharr gur mise an Tiarna.
a chothaigh san fhásach thú le manna nárbh eol do d'aithreacha, d'fhonn go n‑úmhlódh sé thú agus tú a phromhadh agus tairbhe a dhéanamh duit i ndeireadh na dála.
Tabhair foláireamh dóibh siúd a bhfuil flúirse de mhaoin an tsaoil seo acu, gan bheith mórálach astu féin agus gan a muinín a chur i saibhreas díomuan ach i nDia a chuireann gach ní ar fáil dúinn go fial go mbainfimis só as.
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.