Thug an Tiarna a mhaoin go léir ar ais do Iób, mar gur ghuigh sé ar son a chairde: agus thairis sin, thug an Tiarna dhá oiread a raibh aige cheana do Iób.
Dúirt Amaiziá leis an ngiolla Dé: “Cad a dhéanfaimid faoin gcéad tallann a thug mé d'arm Iosrael?” D'fhreagair an giolla Dé: “Is féidir don Tiarna i bhfad níos mó ná sin a thabhairt duit.”
“Labhraigí le croí Iarúsailéim agus fógraígí di go bhfuil aimsir a seirbhíse istigh, go bhfuil a peaca maite, go bhfuair sí ó láimh an Tiarna pionós faoi dhó ina cionta go léir.”
Ó tharla go bhfuair mo mhuintir a dhá oiread náire agus gur masla agus magadh a tháinig ar a gcrann, gheobhaidh siad a dhá oiread rathúnais ina dtír féin agus lúcháir shíoraí atá i ndán dóibh.
ansin tabharfaidh an Tiarna do Dhia do chonách ar ais, agus beidh trua aige duit agus cruinneoidh sé thú arís ó na pobail go léir mar ar scaip an Tiarna do Dhia thú.
Cuimhnigh ar an Tiarna do Dhia óir is é a thug an cumas seo duit agus a ghnóthaigh an saibhreas seo duit; agus choimeád sé ar an gcaoi sin an conradh a mhionnaigh sé do d'aithreacha, mar a dhéanann fós inniu.
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.