Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire, Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.
Tá a eireaball chomh teann le crann céadair, Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.
Tá sligí géara faoi thíos, Agus gluaiseann sé thar an gceachair mar bhráca.
Fágann sé cosán glioscarnach ina dhiaidh, Agus bíonn mar a bheadh lomra geal ar na huiscí.
“A mhic an duine, caoin Forann, rí na hÉigipte, agus abair leis: Ba dhóigh leat gur leon óg thú i measc na gciníocha. Ach is crogall thú sna farraigí; brúchtann tú i d'aibhneacha, corraíonn tú na huiscí le do spága, salaíonn tú na sruthanna.
Bhí lúirigh orthu mar lúirigh iarainn, agus bhí torann a sciathán mar a bheadh torann mórán carbad agus a gcapaill ar ruathar chun catha.