Faigheann sé scáth ó dhuilliúr na loiteoige, Agus fothain ó shaileoga an tsrutháin.
Luíonn sé dá bhrí sin faoin loiteog, Agus téann i bhfolach i measc ghiolcach an bhogaigh;
Má sceitheann abhainn thar a bruacha, ní chuireann sé mairg air. Dá mbrúchtfadh an Iordáin [ina chraos], ba chuma leis.
Is é sin an fáth a bhfuil a soláthar déanta agus a bhfuil a maoin á hiompar acu thar Sruthán na Saileach anonn.
Fásfaidh siad ar nós féar cois uisce, mar bheadh na saileacha ar bhruach na sruthán.
Ansin ghlac sé de shíol fíniúna, agus chuir in ithir thorthúil é, i gcóngar uiscí líonmhara, á chur mar chraobhóg shailí.
An chéad lá, togaigí torthaí de thogha na gcrann, géaga pailme, craobha crann duilleach, saileoga an tsrutháin, agus déanaigí lúcháir i láthair an Tiarna bhur nDia ar feadh seacht lá.