Eisean sárshaothar Dé, Ach bhagair a chruthaitheoir an claíomh air,
Shoilsigh a anáil na spéartha, Agus ghoin a lámh an nathair ar teitheadh.
Féach Bahaemót! rinne mé é mar aon leat; Itheann sé féar mar an damh
Is cuma nó píopaí práis a chnámha, Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.
Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
Breitheamh ceart cóir é Dia, Dia a smachtaíonn in aghaidh an lae.
An lá sin, smachtóidh an Tiarna lena chlaíomh crua, lena chlaíomh mór laidir, Leiviatan, an nathair éalaitheach, Leiviatan, an nathair lúbarnach: maróidh sé dragan na farraige.