Tá a eireaball chomh teann le crann céadair, Agus tá féithleoga a cheathrúna go daingean le chéile.
Chruthaigh Dia na míola móra agus gach uile dhúil chorraitheach bheo de réir a chineáil a chin ó rath na n‑uiscí, agus an uile chineál éin a eitlíonn. Chonaic Dia gur mhaith sin.
Chuir tú brat craicinn agus feola tharam, Agus dhlúthaigh tú mé le cnámha agus le féithleoga;
Nach aige atá an neart ina leasracha, Agus an cumas i bhfeithleoga a bhoilg!
Is cuma nó píopaí práis a chnámha, Agus is cuma a ghéaga nó sparaí iarainn.
Cuireann sé an duibheagán ar fiuchadh mar choire, Agus an fharraige ag brúchtaíl mar phota cumhráin.