In éadan náisiúin aindiaga a chuir mé uaim é, i gcoinne pobal a chuir fearg orm a leag mé a chúram air, chun iad a chreachadh agus a shlad, agus satailt orthu mar shalachar na sráide.
Smachtóidh mé an domhan cláir as ucht a urchóide, agus na ciontaigh de bharr a mí-rúin; cuirfidh mé críoch le sotal na mórtasach agus ísleoidh mé díomas lucht an uafáis.
- Phasáil mé an chantaoir i m'aonar; duine de mo mhuintir ní raibh in éindí liom. Mar sin shatail mé orthu agus mo racht feirge orm, agus shiúil mé orthu i gcuthach dom; steall súlach a gcroí ar mo chulaith agus smálaigh mo chuid éadaigh ar fad.
I dteannta a chéile beidh siad mar laochra a shatlaíonn ar lathach na sráideanna sa chath. Fearfaidh siad cogadh, mar tá an Tiarna leo, agus an dream a bhíonn ag marcaíocht ar chapaill, cuirfear raon maidhme orthu.