Anois is ea atá a fhios agam gur mó an Tiarna ná na déithe go léir, mar gur fhuascail sé an pobal ó lámha na nÉigipteach nuair a bhíodar go huaibhreach leo.”
agus síneann sé amach a lámha ansin, mar a shíneann snámhadóir amach iad chun snámha. Ach tugann an Tiarna béim síos dá uabhar le gach bang dá ndéanann sé.
Sa dóigh gur dhoirt sé fraoch agus fearg air agus fíoch an chogaidh. Agus chuir an fhearg sin trí thine é thart timpeall gan fhios dó, loisc sí é, agus ní dhearna sé a mhachnamh air.
“A mhic an duine, abair le prionsa na Tuíre: Seo mar a deir an Tiarna Dia: Dúirt tú le teann mórchúise: Is dia mé, suím in ionad Dé i lár na farraige. Cé gur duine thú agus nach dia, measann tú bheith ar aon chéim le Dia.
Cé a fhéadann seasamh in aghaidh a chuthaigh? Cé a fhéadann a theasaíocht a fhulaingt? Bladhmann a chuid feirge amach mar thine, agus scoiltear na carraigeacha os a chomhair.
Is aithnid dó na daoine a théann ar a choimirce nuair a thagann an díle. Ach díothóidh sé na daoine a éiríonn ina choinne agus rachaidh sé sa tóir ar a naimhde isteach sa dorchadas.
Deirim libh, chuaigh sé seo síos abhaile fíréanaithe, ní ionann is é siúd. Óir gach aon duine a ardaíonn é féin, ísleofar é, agus an té a íslíonn é féin ardófar é.”