Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 4:7

An Bíobla Naofa 1981

Cuimhnigh anois, cén duine ionraic riamh a scriosadh? Cár milleadh lucht na córa?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

Ná ní fhágann an peacach i mbláth a chumhachta. Tugann sé a chuid don bhocht,

Agus cosnaíonn cearta an fhíréin. Nuair a ardaíonn sé ríthe chun na corónach, Agus go dtagann díomas orthu de bharr a réime gan chrích,

Ar ndóigh ní dhiúltaíonn Dia don fhíréan, Ná ní thugann lámh chúnta do choirpigh.

Bhí mé óg, agus anois tá mé aosta, ach ní fhaca mé riamh an fíréan á thréigean ná a shliocht ag iarraidh a gcoda.

Le linn mo bheatha díomhaoine chonaic mé an uile chineál nithe: fíréan á scrios d'ainneoin a chuid fíréantachta agus saol fada ag an drochdhuine d'ainneoin a chuid mailíse.

Nuair a chonaic na hoileánaigh an phiast ag sileadh óna láimh dúirt siad lena chéile: “Is dúnmharfóir an fear sin, ní foláir; bíodh gur tháinig sé slán ón bhfarraige, níl an chinniúint ag leigean a anama leis.”

tá a fhios ag an Tiarna conas na fíréin a fhuascailt ó thriail ach na coirpigh a choinneáil á bpionósú go lá na breithe,




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí