Iad siúd a fheiceann thú, breathnaíonn siad ort, stánann ort agus déanann a machnamh: “An é sin an fear a chuireadh an domhan ar crith, a leagadh na ríochtaí ar lár,
Ach dúirt Dia leis: ‘A dhuine gan chiall, san oíche anocht féin, táthar chun d'anam a iarraidh ort ar ais; agus an cnuasach atá déanta agat, cé aige a mbeidh sé?’
Mar bíonn teas loiscneach sa ghrian nuair a éiríonn sí agus seargann sí an féar; titeann a bhláth agus téann a mhaise in éag. Sé an dála céanna ag an bhfear saibhir é, rachaidh sé in éag i lár a chúraimí.