Bhí neach ina sheasamh ansiúd, nár aithin mé a chló; Bhí scáil os comhair mo shúl. Bhí ciúnas, agus ansin chuala glór caoin:
I ndiaidh an chrith talún, tháinig tine. Ach ní raibh an Tiarna sa tine. I ndiaidh na tine, tháinig fuaim chogair bhig.
Shleamhnaigh leoithne thar m'aghaidh Agus d'éirigh mo ghuairí ina gcolgsheasamh.
“An féidir do dhuine daonna a bheith cóir i láthair Dé? An féidir do dhuine a bheith glan i láthair a chruthaitheora?