Fuair mé focal, más ea, faoi choim, Agus fuair mo chluas gaoth an fhocail sin.
Féach! Chonaic mé é sin go léir le mo shúile cinn! Chuala mo chluas é, agus thug mé aird air.
Ach féach! níl sa mhéid sin go léir ach imill a bhealaí! Ní chloisimid uaidh ach macalla cogair! Cé a thuigfeadh toirneach a chumhachta?
Labhraíonn sé trí aislingí agus trí fhíseanna oíche, Nuair a thiteann daoine ina dtoirchim suain, Agus iad ina sámhchodladh ina leaba.
Ná bíodh bhur ndóchas san ansmacht ná bhur maíomh san fhoghail. Má dhéantar bhur maoin a mhéadú ná santaigí in bhur gcroí í.
Faoi láthair ní fheicimid ach mar a bheadh scáil go doiléir i scáthán ach ar ball gheobhaimid radharc aghaidh ar aghaidh air. Níl ach breaceolas agam faoi láthair ach beidh eolas iomlán agam ar ball, chomh hiomlán leis an eolas atá orm.