Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 39:9

An Bíobla Naofa 1981

An bhfuil an damh allta sásta oibriú duit, Nó an oíche a chaitheamh ag do mhainséar?

Féach an chaibidil Cóip

9 Tagairtí Cros  

An féidir duit é a cheangal sa scríob le téada Nó an ndéanfaidh sé an gleann a fhuirseadh i do dhiaidh?

Na sléibhte raon an fhéaraigh a thaistealann sé, Agus is ansiúd a lorgann sé aon ní glas.

Déan m'anam a fhuascailt ón gclaíomh agus mo bheatha ó ghreim an mhadra.

Cuireann sé an Liobáin ag léim ar nós gamhna agus Sirión ar nós ógdhaimh allta.

Óir scriosfar do naimhde, sea do naimhde, a Thiarna, agus scaipfear na hurchóidigh go léir.

Tá aithne ag an mart ar a úinéir, agus ag an asal ar chliabhán a mháistir, ach ní aithníonn Iosrael aon ní, ní thuigeann mo phobal dada.”

Tá ciníocha ag titim mar a thitfeadh damhra allta, in ionad tarbh, tá pobal gaiscíoch á leagan. Tá a dtalamh siúd múchta le fuil, agus a gcréafóg á leasú le geir.

Tugann Dia as an Éigipt amach iad; is cuma dóibh é nó adharca cama dhamh díleann.

Céadghin an tairbh, is leis an ghlóir. Adharca daimh allta a adharca agus leosan sánn sé na pobail go léir go himill an domhain. Is mar sin leis na mílte ar mhílte d'Eafráim, is mar sin le mílte Mhanaise.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí