Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 39:27

An Bíobla Naofa 1981

An le hordú uaitse a eitlíonn an t‑iolar in airde Agus a dhéanann sé a nead sna harda?

Féach an chaibidil Cóip

11 Tagairtí Cros  

An le comhairle d'eagnasa a éiríonn an seabhac sa spéir, Agus a leathann sé a sciatháin don turas ó dheas?

Lonnaíonn sé agus neadaíonn ar an gcarraig, I ndaingean clochach na haille.

Líonann sé do shaol le nithe fónta; déantar d'óige a athnuachan mar a bheadh iolar.

‘Chonaic sibh féin a ndearna mé leis na hÉigiptigh, agus conas mar a thóg mé liom sibh ar eití iolair agus a thug mé chugam féin sibh.

Caith súil uirthi agus imeoidh sí léi, fásfaidh sciatháin uirthi, dála an iolair a eitlíonn chun na spéire.

Bealach iolair sa spéir, bealach nathrach ar an gcarraig, bealach loinge i lár na mara, agus bealach fir le maighdean.

Ach an dream a bhfuil a súil leis an Tiarna, tagann neart úr iontu, éiríonn siad ar eití mar a bheadh iolair. Ritheann siad gan a bheith cortha, siúlann siad rompu gan tuirse a theacht orthu.

Mheall cáil na fíochmhaire thú, chuir uabhar do chroí [ar seachrán] thú, thusa a chónaíonn i scailp na carraige, a ghreamaíonn d'airde na gcnoc! Bíodh go ndéanfá do nead chomh hard leis an iolar, theilgfinnse síos as sin thú arís - an Tiarna a labhraíonn.

Séid an stoc! Tá léirscrios, amhail badhbh, ag bagairt ar theaghlach an Tiarna. Mar bhris siad an conradh a rinne mé leo, agus níor ghéill siad do mo dhlí.

Ar na héin seo iad na cinn a bhfuil an ghráin le bheith agaibh orthu - ní ceadmhach iad a ithe; bíodh an ghráin orthu! - an t‑iolar, an bhadhb, an coirneach;

Cé go n‑éireofá san aer mar iolar, agus do nead a dhéanamh i measc na réaltaí, theilgfinnse síos as sin thú,” a deir an Tiarna.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí