Gáireann sé faoin scéin, gan mairg ar bith air; Ní thugann sé a chúl leis an gclaíomh.
Is garg a bhíonn sí lena gearrcaigh, amhail is nár léi iad; Is cuma léi más saothar in aisce a saothar.
Ach nuair a bhíonn sí ag breith chuici féin agus go mbaineann sí feidhm as a hairde, Is féidir di gáire faoin each agus a mharcach.
Bíonn sé ag crúbáil sa ghleann le bród as a neart. Téann sé i ngleo an chatha le pramsáil íogair.
Bíonn an bolgán saighead ag cleatráil ar a dhroim, Agus an tsleá lonrach, agus an ga.
Bloscadh fuipeanna, tormáil rothaí, capaill ar cosa in airde, carbaid ar léim lúith!