Bhí cabhlach Thairsís ar muir ag an rí in éineacht le cabhlach Híorám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus babúin.
Théadh longa an rí go Tairsís in éineacht le searbhóntaí Húrám. Uair gach trí bliana thagadh cabhlach Thairsís le hór, airgead, eabhar, ápaí agus bábúin.
Fiú amháin an chorr bhán sa spéir bíonn fios a haimsire aici; comhairíonn an turtúr, an fháinleog, an chorr ghlas, am a dteachta. Ach ní fheadar mo dhaoine rialú an Tiarna.
D'ardaigh mé mo shúile ansin agus cad a chonaic mé ach beirt bhan ag nochtadh chugainn agus an ghaoth ag séideadh faoina sciatháin - óir, is amhlaidh a bhí sciatháin acu cosúil le sciatháin na coirre báine. Thóg siad an bairille suas idir an talamh agus an spéir.