Cé a chuaigh suas ar neamh agus a thuirling arís? Cé a cheap na gaoithe ina mháma? Cé a ghabh na huiscí ina bhrat? Cé a chuir bonn faoi chríocha na cruinne? Céard is ainm dó féin agus céard is ainm dá mhac? Ar ndóigh is eol duit!
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
Tógann sé an bocht as an luaithreach; Ardaíonn sé na gátaraigh ón gcarn aoiligh, Á gcur ina suí le flatha Agus ag bronnadh cathaoir onóra orthu. Óir is leis an Tiarna colúin na cruinne Agus is orthu a bhunaigh sé an domhan.