Féach! um an dtaca seo amárach seolfaidh mé clochshneachta anuas ar an talamh chomh tiubh sin nach raibh a leithéid riamh san Éigipt ón lá a bunaíodh í go dtí inniú féin.
Tabharfaidh an Tiarna faoi deara go gcloisfear mórgacht a ghlóir, agus taispeánfaidh sé lascadh a láimhe, i bhfraoch a chuid feirge, i gceartlár tine craosaí, i séideán báistí agus clochshneachta.
Dá bhrí sin, is mar seo a deir an Tiarna Dia: Scaoilfidh mé stoirm ghaoithe lena réabadh agus fearg orm, scaoilfidh tuile bháistí agus cuthach orm, clocha móra sneachta agus fraoch orm.
D'fhear an Tiarna clocha móra sneachta ón spéir anuas sa mhullach orthu agus iad ag teitheadh le fána ó Bhéit Horon ar feadh na slí go hAzaecá, agus mharaigh sin iad; is mó a fuair bás de bharr na gclocha sneachta ná de rinn claímh chlann Iosrael.
Agus thit clocha móra sneachta, chomh trom le tallann, anuas ó neamh ar na daoine. Agus mhaslaigh na daoine Dia de bharr plá na gclocha sneachta, óir ba rómhór mar phlá iad.