Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Óir, féach, ba é a dhealbhaigh na sléibhte, a chruthaigh an ghaoth, a fhoilsíonn a smaointe don duine, a dhéanann [an chamhaoir agus an dorchadas], a shiúlann in áiteanna arda an domhain; is é an Tiarna, Dia na Slua, is ainm dó.
Labhair Íosa leo arís más ea: “Is mise,” ar sé, “solas an tsaoil. An té a leanfaidh mise, ní shiúlfaidh sé sa dorchacht, ach beidh aige solas na beatha.”
Nuair a thógann tú do shúile chun nimhe, agus go bhfeiceann tú an ghrian, an ghealach, na réaltaí agus eagar uile neimhe ná mealltar thú agus sléachtadh dóibh agus fónamh dóibh. D'fhág an Tiarna do Dhia iadsan faoi na ciníocha uile faoin spéir;