Nuair a bhí na hArámaigh ag druidim leis ghuigh Eilíseá chun an Tiarna: “Buail an dream seo, guím thú, le daille,” agus bhuail sé le daille iad de réir mar a d'impigh Eilíseá.
Tugaigí glóir don Tiarna ár nDia sula mbéarfaidh sé dorchadas anuas, sula dtuisleoidh bhur gcosa ar na sléibhte dorcha. Tá súil agaibh le solas, ach fillfidh seisean i scáile é, déanfar de dorchacht tiubh.
Dá bhrí sin, seo mar a deir an Tiarna Dia: Tá mé in aghaidh Fhorainn, rí na hÉigipte, agus brisfidh mé a ghéaga, an ceann slán agus an ceann a bhí briste cheana, agus tabharfaidh mé ar an gclaíomh titim as a láimh.