Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 38:12

An Bíobla Naofa 1981

Ar thug tú ordú don mhaidin riamh i do shaol? Ar thaispeáin tú a háit d'fháinne an lae?

Féach an chaibidil Cóip

14 Tagairtí Cros  

Thug Dia “lá” ar an solas agus “oíche” ar an dorchadas. Ba shin an chéad lá, an nóin agus an mhaidin.

An tú céadghin an chine dhaonna? Nó ar saolaíodh thú roimh na sléibhte?

Agus briseann isteach i dtithe sa dorchadas. Sa lá téann siad i bhfolach; Ní eol dóibh siúd an solas.

Agus dúirt mé: “An fad seo a thiocfaidh tú, ach gan teacht thairis seo; Anseo a theilgfear do thonnta uaibhreacha droim ar ais.”

Chun go mbéarfadh sé greim ar imill an domhain Agus go ndéanfaí na héagráifigh a chroitheadh as,

Is duitse is eol, ó rugadh an uair sin thú, Agus ós mór é líon do bhlianta.

Cá raibh tú nuair a leag mé síos máithreacha na cruinne? Inis dom é, os rud é go bhfuil tú chomh heolgaiseach!

Fás aon lae sinne, gan aon eolas; Níl inár ré ar talamh ach scáil -

Is leat an lá agus is leat an oíche; is tú a shocraigh an ghrian is an ghealach.

Ba é a rinne an Phléadach agus Óiríon, a dhéanann solas de dhuibhe na hoíche agus a dhorchaíonn arís an lá, a ghaireann ar uiscí na farraige agus a dhoirteann amach iad ar dhromchla na talún; an Tiarna is ainm dó.

de chionn trócaire chroí ár nDé a bhéarfaidh an Láchan dár bhfiosrú ó uachtar neimhe,

Fágann sin an briathar fáidhiúil níos iontaofa againn, agus ba mhaith an mhaise daoibh aird a thabhairt air mar a dhéanfadh sibh ar lóchrann ag lonrú in áit dhorcha, nó go ngealfaidh an lá agus go n‑éireoidh réalta na maidine in bhur gcroí.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí