Is leatsa, a Thiarna, an mhéid, an chumhacht, an ghlóir, an bua, agus an mhórgacht; óir is leatsa a bhfuil ar neamh agus ar talamh; is leatsa an flaitheas, a Thiarna: is tusa an bhuaic go hard os cionn cách.
Tagaigí agus admhaígí mórchumhacht Dé a bhfuil ceannas aige ar Iosrael agus cumhacht sna spéartha. 35 Is ineaglaithe Dia Iosrael ina shanctóir naofa; is é a thugann neart agus cumhacht dá phobal. Moladh le Dia!
Imigh leat i measc na n‑ailteanna, gabh i bhfolach sa láib, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Imígí libh faoi scailpeacha na gcarraig, isteach i bpluaiseanna an talaimh, ar aghaidh scéin an Tiarna agus maise a mhórgachta, nuair a éiríonn sé chun an talamh a chroitheadh.
Beidh sé féin ina údar síochána; nuair a thiocfaidh an Asaír isteach inár dtír, nuair a chuirfidh siad cos laistigh dár gcríocha, músclóimid seachtar aoire agus ochtar taoiseach ina gcoinne.
Cinnte tá an Tiarna mall chun feirge agus is mór í a chumhacht; Go deimhin ní fhágann sé an drochdhuine gan phionós. Déanann sé a bhealach trí iomghaoth agus stoirm; is iad na néalta an deannach a chuireann a chosa san aer.
Is é scáil a ghlóire agus cló a shubstainte é. Is é a choinníonn an chruinne ar bun lena bhriathar bríomhar. Tar éis dó ár bpeacaí a ghlanadh chuaigh sé ina shuí ar dheis Dé sna harda
an t‑aon Dia is slánaitheoir againn trí Íosa Críost ár dTiarna, dósan go raibh glóir agus mórgacht agus ceannas, agus cumhacht roimh gach aois agus anois agus le saol na saol. Amen.