Cé a thomhais i gcroí a bhoise uiscí na farraige agus a leag amach na spéartha lena réise? a chruinnigh cré na talún i miosúr, a rinne na sléibhte a mheá sna scálaí agus na cnocáin in ainsiléad?
Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.
Is amhlaidh a deir an Tiarna, d'fhuascailteoir, an té a dhealbhaigh thú ón mbroinn i leith: Is mise, an Tiarna, a rinne an uile rud, a spréigh na spéartha amach ar mo chonlán féin. Chuir mé bun faoin talamh, agus cé bhí ag cuidiú liom?
Is mise a rinne an talamh, is mé a chruthaigh an duine atá ina chónaí air. Mise le mo lámha féin a spréigh amach na spéartha agus tá ceannas agam ar a slua go léir.
Oracal. Briathar an Tiarna i dtaobh Iosrael. Is é seo a deir an Tiarna, an té a shín amach na flaithis agus a leag bunsraith na cruinne agus a chruthaigh spiorad an duine istigh ann: