An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú, Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?
Cheangail sé na huiscí ina néalta, Agus níor stróiceadh na scamaill faoina n‑ualach.
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Níl bréag i mo ráite, bí deimhin de, Tá duine atá foirfe ina chuid eolais ag plé leat.
Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!
An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?
Tusa a mbíonn d'éadach te le do chneas, Agus an talamh ina chnap faoin ngaoth aneas,
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)
Nach líonmhar iad d'oibreacha, a Thiarna! rinne tú gach aon ní le heagna; is comhlán an chruinne dá bhfuil déanta agat.
Is mór é ár nDia agus is mór é a neart; níl teorainn ar bith lena eagna.
nach cóir iad a cheilt ar a sliocht ach a insint don ghlúin atá le teacht - Móréachtaí an Tiarna agus a chumhacht agus na míorúiltí móra a rinne sé
Tá cónaí air in airde os cionn roth na cruinne, agus a muintir sin ar nós dreoiliní teaspaigh. Leath sé amach na spéartha mar a bheadh brat iontu, spréigh sé amach iad ar nós both chónaithe.