Éist leis sin uile, a Iób! Stad agus machnaigh ar iontais Dé go léir!
Féach chuige go mórfaidh tú a oibreacha; Bhí siad go minic ina n‑ábhar molta ag daoine.
Cibé acu a [sheolann sé iad] d'fhonn ciníocha na cruinne a phionósú, Nó d'fhonn oibreacha trócaire a chur i gcrích.
An eol duit conas a dhéanann Dia iad a smachtú, Agus conas a spréachann a néal an tintreach uaidh?
An eol duit conas a dhéanann sé na scamaill a chothromú, Agus cad í an intlíocht lena ndéanann sé an t‑iontas seo?
Is éachtach mar a bhúireann Dia le tormán a ghutha, Agus is iontach na bearta dothuigthe a dhéanann sé.
(Déanann seisean éachtaí gan áireamh, Iontais nach féidir a ríomh.)
Is éachtach iad oibreacha an Tiarna, inscrúdaithe do chách a charann iad.
Cuireann sé cosc le cogaí ar fud na cruinne: briseann sé boghanna agus smiotann sé sleánna, loisceann sé sciatha agus carbaid le tine.
D'fhreagair Maois an pobal: “Bíodh misneach agaibh!” ar sé; “seasaigí an fód! agus feicfidh sibh conas a fhuasclóidh an Tiarna sibh inniu. Mar na hÉigiptigh a fheiceann sibh inniu, ní fheicfidh sibh go brách arís.
Breathnaigh ar obair Dé; cé hé ar féidir dó a bhfuil camtha aige a dhíriú?
Ach tá an Tiarna ina theampall naofa; bíodh an domhan go léir ina thost ina láthair.