Leathann sé a cheo ina thimpeall, Agus clúdaíonn sé barr na gcnoc.
Dúirt Dia: “Tagadh na huiscí go léir atá faoi neamh le chéile san aon áit amháin, agus bíodh an talamh tirim le feiceáil.” Agus bhí sin amhlaidh.
Cé a thuigfeadh conas a leathann sé na scamaill, Nó a bhriseann an toirneach óna phailliún?
Leosan a dhéanann sé na pobail a chothú, Agus a dháileann sé bia go fial.
Cé ghearr canáil don tuile Agus bealach don toirneach?
tá tú gléasta le solas mar le fallaing. Leath tú na spéartha mar bhrat botha;
agus chuaigh clann Iosrael isteach i lár na farraige ar thalamh tirim agus na huiscí ina mballaí ar dheis agus ar chlé acu.
Ag filleadh di threascair an tuile carbaid agus marcshlua agus sluaite uile Fhorainn a lean na hIosraelaigh isteach san fharraige; níor tháinig fear inste scéil slán.
De bhrí, ar nós mar a scinneann an splanc ó thaobh den chruinne ina lasair go dtí an taobh eile, is amhlaidh sin a bheidh Mac an Duine ina lá féin.