an té a chlúdaíonn na spéartha le néalta; agus a thugann an fhearthainn don talamh. Cuireann sé an féar ag fás ar na sléibhte; agus luibheanna chun fónamh don duine.
Déanfar slad air, agus beidh sé gan bearradh gan saothrú, agus sceacha agus driseacha ag fás air. Crosfaidh mé ar na néalta an fhearthainn a fhearadh air.
Nuair a dhéanann sé toirneach bíonn tormán uisce sna flaithis; tugann sé ar na néalta éirí ó chríocha na talún, déanann tintreach le haghaidh na fearthainne agus tugann an ghaoth as a ionad taisce.
An bhfuil aon cheann de dhéithe na bpágánach a thabharfadh fearthainn? An bhféadann na spéartha ceathanna a thabhairt? Ach is tusa féin é, a Thiarna. Ó a Dhia linn, is tú ár ndóchas, is tú a dhéanann gach ní acu seo.
Iarraigí fearthainn ar an Tiarna i séasúr fhearthainn an earraigh; óir, is é an Tiarna a dhéanann na néalta doininne. Tabharfaidh sé ceathanna báistí daoibh agus cuirfidh sé féar ag fás i bpáirc an uile dhuine.