Ach saorann sé an mhuintir umhal lena n‑ainnise, Agus osclaíonn a gcluasa le cruatan.
Beidh siad ina ndaoir aige mar sin féin i dtreo go dtuigfidís a bhfuil idir seirbhís domsa agus seirbhís do ríochtaí na dtíortha iasachta.”
An beag ort na sóláis ó Dhia? Agus an focal a labhraíonn go cneasta leat?
Ansin is ea a chuireann sé cogar ina gcluais, Agus a chuireann sé scéin iontu le huafáis,
Cuireann sé cogar ina gcluais, Á áiteamh orthu casadh ó chosán a bpeacaí.
Seachain agus ná claon leis an olc, Mar sin é is cúis dáiríre le d'anró.
Cuireann sé i ngéibheann geimhleach iad, Go daingean i mbraighdeanas an anró.
Fuasclaíonn sé an neamhurchóideach óna gcraos, Agus an bocht ó láimh an chumhachtaigh.
Is méanar go deimhin don té a cheartaíonn Dia; Ná diúltaigh dá bhrí sin do smachtú an Uilechumhachtaigh,
Ach tógann sé na boicht as a n‑ainnise, go ndéanann a dteaghlaigh chomh líonmhar le tréada.
Óir saorfaidh sé an bocht nuair a ghlaofaidh sé air; agus an donán gan chúnamh.