Ghuigh sé chuige agus thug seisean cluas dó agus d'éist lena urnaithe agus thug ar ais go Iarúsailéim agus chun a ríochta é. Thuig Manaise ansin gur Dia é an Tiarna.
Bheannaigh an Tiarna Iób i ndeireadh a shaoil thar mar a rinne i dtosach, ionas go raibh ceithre mhíle déag caora agus sé mhíle camall agus míle cuingir damh, agus míle asal baineann aige.
Mar sin leasaigí bhur n‑iompar agus bhur ngníomhartha; umhlaígí do ghuth an Tiarna bhur nDia; má dhéanann sibh sin, beidh aithreachas air agus, an t‑olc a d'fhógair sé in bhur n‑aghaidh, ní dhéanfaidh sé é.
Is mar seo a d'ordaigh mé dóibh: Éistigí le mo ghlór, agus beidh mise i mo Dhia agaibhse, agus beidh sibhse in bhur bpobal agamsa. Siúlaigí ar feadh na slí a ordaím daoibh, agus beidh an rath oraibh.
Trí chreideamh rinne Abrahám rud ar Dhia nuair a fuair sé a ghairm uaidh. Thug sé a aghaidh ar áit a bhí le fáil aige mar oidhreacht; d'imigh sé leis, bíodh nach raibh a fhios aige cá raibh a thriall.
De réir mar a bhí éirí in airde uirthi agus teaspach, tugaigí di peannaid agus doilíos. Óir is é a deir sí ina croí: ‘Is banríon mé i mo chathaoir; ní baintreach mé ná ní baol dom doilíos a fheiceáil.’