Agus ceist a chur air: “Cad é sin duitse? Cén dochar duitse é má dhéanaimse peaca?”
Dá mbeinn peacúil, mo mhairg mé! Dá mbeinn neamhchiontach, ní ardóinn mo cheann, Ach mé lán de tharcaisne, agus ar meisce na bpianta.
Cad ab áil linn bheith ag fónamh don Uilechumhachtach, Agus cén tairbhe a bheidh againn má ghuímid chuige?”
Cén roinn a dheonaíonn Dia ó neamh? Cén oidhreacht a bhronnann an tUilechumhachtach ó na flaithis?
Mar nár dhúirt sé: “Saothar in aisce é Do dhuine a bheith ag iarraidh Dia a shásamh.”
Tabharfaidh mise freagra ort féin Agus ar do chairde chomh maith.
Abair gur pheacaigh mé, cén dochar duit sin, A fhir faire an chine dhaonna? Cad ab áil leat ag déanamh sprice díom, I dtreo gur ualach ort mé?
Nach díomhaoin dom mo chroí a bheith glan agam agus mo lámha a ní san ionracas,
Deir sibh: ‘Is saothar in aisce dúinn seirbhís a dhéanamh do Dhia. Cén tairbhe dúinn é a aitheanta a chomhlíonadh agus siúl go dobrónach os comhair Thiarna na Slua?