Tá breitheamh mo chúise i bhfaltanas liom, Is tinn é mo chréacht cé nach ndearna mé coir.”
Agus tá a urchair á gcaitheamh ar gach taobh díom. Goineann sé mé sna leasracha, gan trua gan taise; Tá mo dhomlas á dhoirteadh aige ar an talamh.
“Táim gan cháim, gan pheaca; Táim ionraic, saor ó urchóid.
Tá saigheada an Uilechumhachtaigh i ngreim ionam, Agus mo spiorad ag diúl a nimhe. Tá uafáis Dé in eagar i m'aghaidh.
Cad chuige a bhfuil mé ag síorfhulaingt, a bhfuil mo chneá gan leigheas, agus í doleigheasta? An mbeidh tú domsa amhail sruthán bréagach a bhfuil a uisce neamhbhuan?