Ach déanfar Iób a phromhadh go ceann scríbe, Mar go bhfreagraíonn sé mar a dhéanfadh urchóidigh.
Tá an rath ar bhothanna na ladrann; Níl baol ar lucht Dia a ghriogadh, An mhuintir a rinne dia de neart a lámh.
Cén fáth gur buan iad na coirpigh Agus go méadaíonn a maoin le himeacht na mblianta?
An gcloífidh tusa leis an seanchosán, A ghabh na hurchóidigh?
Scaip Dia mo mhisneach, Agus chuir an tUilechumhachtach sceimhle orm.
Cén fáth nach bhfuil a thaisce tráthanna féin ag an Uilechumhachtach? Agus cén fáth nach bhfeiceann lucht a aitheantais a laethanta?
Óir cuireann sé ceannairc mar bhreis lena pheaca, Ag [caitheamh amhrais faoin gcoir inár measc] Agus ag tabhairt masla ar mhasla do Dhia.
Cuardaigh mo chroí, tabhair cuairt orm san oíche, déan mo thástáil le tine agus ní bhfaighidh tú coir ionam.
Déan mo phromhadh, a Thiarna, agus mo thástáil; scrúdaigh m'áranna agus mo chroí;
Féach go bhfógraímid gurb aoibhinn dóibh siúd a sheas an fód. Chuala sibh faoi fhoighne Iób agus an chríoch a chur an Tiarna léi, mar go bhfuil sé lán de thaise agus de thrócaire.