An mhuintir thuisceanach go léir, Agus na saoithe i measc mo lucht éisteachta, déarfaidh siad liom:
Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.
Má tá aon tuiscint ionat, éist leis seo, Agus tabhair cluas dá bhfuil á rá agam:
Éistigí lena bhfuil le rá agam, a shaoithe, Agus tugaigí cluas dom, a lucht an eolais.
- Sa chás sin ar chóir dó, dar leat, é a phionósú, Ós rud é go ndiúltaíonn tú dá bhreitheanna? Ón uair nach agamsa ach agatsa atá an rogha le déanamh, Abair céard atá ar eolas agat.
“Briathra gan ghaois a labhraíonn Iób, Agus níl aon tuiscint ina chuid cainte.”
Faighimis amach dúinn féin cá bhfuil an ceart; Agus deimhnímis eadrainn féin céard is cóir.
Ós ag caint le daoine stuama atáim, breithnígí féin a bhfuil agam á rá: