Bíodh eagla an Tiarna oraibh anois; tugaigí aire dá mbíonn idir lámha agaibh, mar níl aon bhaint ag an Tiarna ár nDia le calaois ná leathchuma ná le breaba a ghlacadh.”
Ní thabharfaidh an saibhir níos mó, ná an daibhir níos lú, ach an leath seicil, nuair a íocfaidh sibh an ofráil leis an Tiarna ag déanamh leorghnímh ar bhur son féin.
Ná déanaigí éagóir i mbreithiúnas; ná bíodh lé agat leis an mbocht, ná uamhan ort roimh an gcumhachtach; ach tabhair breith ar do chomharsa de réir na córa.
Ach i dtaca leis na daoine measúla orthu - is cuma liomsa a chéimiúla a bhí siad mar ní fhéachann Dia ar phearsa seachas a chéile - ach níor chuir na cinn urra seo aon dualgas breise ormsa,
Agus sibhse, a mháistrí, déanaigíse mar an gcéanna dóibh; caithigí uaibh an bhagairt agus bíodh a fhios agaibh go bhfuil an Máistir céanna agaibhse agus acusan ar neamh agus gur cuma leis siúd duine seachas a chéile
Ach tá ríocht dhochroite á fáil againne. Dá bhrí sin bímis buíoch agus sa tslí sin tugaimis do Dhia an t‑adhradh is taitneamhach leis go hurramach ómósach.
Éistigí, a bhráithre ionúine, nach iad an mhuintir atá bocht os comhair an tsaoil a thogh Dia le bheith saibhir sa chreideamh agus le bheith ina n‑oidhrí ar an ríocht a gheall sé dóibh siúd a thugann grá dó?
Má thugann sibh Athair ar an té sin a thugann breith gan leathchuma ar gach duine de réir a bhirt, ní foláir daoibh sibh féin a iompar go heaglach le linn bhur ndeoraíochta.