Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 34:18

An Bíobla Naofa 1981

An té a thabharfadh “suarachán” ar a rí, Agus “coirpeach” ar thaoiseach,

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

An mbeidh duine gur fuath leis an ceart i gceannas? An ndéanfaidh tú breitheamh na dtréan a dhaoradh?

Agus nach mbeadh lé aige le flatha, Ná le saibhre thar na boicht, Mar gur óna láimh féin iad uile.

Na bí mall ag ofráil ó lánmhaire d'urláir bhuailte ná ó mhaol do chantaoir fhíona. Ofráil céadghinte do mhac dom chomh maith.

Níl sé cóir pionós a chur ar an bhfíréan, ach is measa fós an t‑uasal a bhualadh.

Ansin d'iompaigh Pól air: “Buailfidh Dia thusa, a bhalla aolta,” ar seisean. “An bhfuil tú i do shuí ansin ag tabhairt breithiúnais ormsa de réir an dlí agus tú féin ag sárú an dlí ag ordú mo bhualadhsa?”

D'fhreagair Pól: “Ní raibh a fhios agam, a bhráithre, gurb é an t‑ardsagart é, mar tá scríofa: ‘Ná habair aon drochní mar gheall ar phrionsa an phobail.’ ”

Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.

Tugaigí onóir do chách; bíodh grá agaibh don bhráithreacht; bíodh eagla oraibh roimh Dhia agus bíodh ómós agaibh don impire.

go háirithe iad siúd a dhéanann iad féin a iompar de réir na colainne in ainmhianta truaillithe, agus gan ach drochmheas acu ar an údarás. Ní eagal leis an dream ceanndána borb seo masla a thabhairt [d'aingil] na glóire;

Déanann an dream seo, ámh, ar an tslí chéanna lena mbrionglóidí an cholainn a thruailliú, an t‑údarás a shéanadh, agus aingil na glóire a mhaslú.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí