Mura bhfuil, tabhair cluas dom; Bí i do thost fad a bheidh mise ag teagasc na heagna duit.
Fogróidh mo chroí briathra eagnaí Agus labhróidh mo bheola le lándáiríre.
Má tá aon ní le rá agat, freagair mé! Labhair amach, mar is fonnmhar a admhóinn thú a bheith gan choir.
Lean Eilíhiú air lena aitheasc agus dúirt:
Bíonn easpa agus ocras ar leoin óga: ní bhíonn aon easpa ar lucht iarrtha an Tiarna.
Téanaigí, a chlann ó, agus éistigí liom go múinfidh mé eagla an Tiarna daoibh.
íseal agus uasal in éineacht, saibhir agus daibhir le chéile.
A lucht an aineolais, foghlaimigí an chríonnacht; agus sibhse, a amadána, [bíodh ciall agaibh].