Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 33:29

An Bíobla Naofa 1981

Déanann Dia na nithe seo go léir Arís agus arís eile don duine.

Féach an chaibidil Cóip

10 Tagairtí Cros  

Chuir rí Iosrael dá réir sin díorma fear chun na háite a luaigh giolla Dé. Agus bhíodh sé ag tabhairt rabhaidh do rí Iosrael ar an gcuma sin agus bhíodh seisean san airdeall, agus tharla sin breis agus uair nó dhó.

Aon uair amháin a labhair mé, agus ní [labhróidh mé] athuair. Arís eile ní dhéanfaidh mé a thuilleadh.

agus tá oibreacha difriúla ann ach is é an Dia céanna a bhíonn á n‑oibriú go léir in gach ceann riamh acu.

D'agair mé an Tiarna faoi thrí é a chur díom,

Agus is é a réitigh ina chomhair seo leis féin sinn, Dia a thug dúinn an Spiorad i ngeall leis.

Mar is i gCríost a roghnaíodh sinne inár n‑oidhrí agus a leagadh amach dúinn, de réir intinne an té úd a oibríonn gach ní de réir chomhairle a thola féin,

mar is é Dia atá ag spreagadh idir rún agus ghníomh ionaibh de réir a dhea-thola féin.

Is chuige sin chomh maith a bhímse ag obair ar mo dhícheall leis an bhfuinneamh uaidh atá ag oibriú go tréan ionam.

go ndéana sé foirfe sibh i ngach dea-obair ionas go ndéanfaidh sibh a thoil, agus go gcuire sé i gcrích ionainn cibé ní is áil leis, trí Íosa Críost. Moladh go deo leis-sean trí shaol na saol. Amen.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí