Agus d'fhreagair sé: “Seolfaidh mé mo mhaitheas go léir thar bráid os do chomhair, agus fógróidh mé m'ainm, an Tiarna, romhat; beidh mé fabhrach don té is rogha liom, agus beidh mé trócaireach don té is rogha liom.
Goineadh é as ucht ár gcoireanna, bascadh é as ucht ár gcionta. Airsean a cuireadh an pionós a thug sláinte dúinn agus trína fhearbacha tháinig cneasú orainne.
An ionúin liom mo mhac Eafráim an méid sin? An bhfuil mé chomh doirte sin air mar leanbh, nach bhfuil uair dá mbagraím air nach ag cuimhneamh air a bhím, nach formhothaithe mé i gcónaí ar a shon, go ligim do mo ghrámhaireacht a bheith ag tnúthán ina dhiaidh? Is é an Tiarna a labhraíonn.
Ní lorgóimid cúnamh ón Asaír, ná ní rachaimid i muinín eachra; go deo arís ní chanfaimid: “A Dhia linn” do dhéantús ár lámh; (óir is tú a ghlacann trua don dílleachta).
díreach faoi mar nár tháinig Mac an Duine chun go mbeifí ag freastal air ach chun go ndéanfadh sé féin freastal agus a anam a thabhairt mar cheannach ar mhórán.”