Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 33:23

An Bíobla Naofa 1981

Ansin bíonn aingeal láimh leis, Idirghabhálaí, aon ar mhílte, Lena dhualgas a chur in iúl dó,

Féach an chaibidil Cóip

32 Tagairtí Cros  

“Rinneadh taibhrimh dúinn,” ar siad, “agus níl fear a mínithe againn.” Agus dúirt Iósaef leo: “Nach le Dia a bhaineann sé taibhrimh a mhíniú? Insígí dom iad, le bhur dtoil.”

Bhí tú cóir i ngach ní dár tharla dúinn, Óir rinne tusa beart na dílse, Ach sinne beart na coirpeachta.

Agus rúin na heagna a nochtadh duit! Is de bharr a chomhairle agus a thuisceana iontaí Atá do choirpeacht á cúiteamh aige leat.

Éistigí dá bhrí sin liomsa, a lucht na heagna; Is fada ó Dhia an choirpeacht Agus an éagóir ón Uilechumhachtach.

Is léir nach ndéanfaidh Dia éagóir, Agus ní chlaonann an tUilechumhachtach an bhreith;

Má pheacaigh mé, cuir in iúl dom é! Má bhí mé éagórach, ní bheidh mé amhlaidh arís.”

Deir tú: “Ní fheiceann sé mé; Tá mo chás curtha faoina bhraid, ach ní mór dom feitheamh fós!”

Beidh argóintí liom ag teacht ón imigéin Agus mé á dheimhniú go bhfuil mo cruthaitheoir sa cheart.

Tá seisean, an tUilechumhachtach, i bhfad uainn. Is éachtach é a chumhacht agus a chothroime Agus ní chiapann sé an té a bhíonn ag cosaint a chirt.

Dá mb'áil leis conspóid a dhéanamh leis Ní fhéadfadh sé freagra as an míle a thabhairt air.

Níl aon idirghabhálaí eadrainn, A leagfadh a lámh orainn araon.

Tuigim, a Thiarna, gur cóir iad d'fhoraitheanta; agus gur le barr dílseachta a chráigh tú mé.

Is méanar don té a gcuireann tú smacht air, a Thiarna; an té dá dtugann tú teagasc faoi do dhlí.

eolas, dar ndóigh, a bhí á lorg agam le fada ach go raibh teipthe orm é a fháil - aon fhear macánta amháin a fuair mé i míle fear ach theip orm go fiú aon dea-bhean amháin a fháil sa líon céanna ban.

Chonaic sé nach raibh aon duine ann, agus b'iontach leis gan fear eadrána bheith le fáil. Mar sin rinne a lámh féin slánú dó agus ba í a fhíréantacht a chrann taca.

má chránn sé féin, is truachroíoch é leis de réir iomadúlacht a bhuanghrá;

Ansin labhair Hagaí, teachtaire an Tiarna, leis an bpobal de réir ordú an Tiarna, á rá: “Táimse in bhur dteannta, a deir an Tiarna.”

Óir is é dualgas bheola an tsagairt é an t‑eolas a choimeád go cruinn agus is óna bhéalsan a chaithfear teagasc a lorg, mar is é teachtaire Thiarna na Slua é.

“Féach! Tá mo theachtaire á chur amach agam chun an bóthar a réiteach romham; agus an Tiarna atá á lorg agaibh, rachaidh sé isteach ina Theampall go tobann; agus aingeal an chonartha, a bhfuil sibh ag tnúth leis, tá sé ag teacht, a deir Tiarna na Slua.

Rith Pilib anonn agus nuair a chuala sé an coillteán ag léamh Íseáia fáidh, labhair sé leis: “An dtuigeann tú a bhfuil agat á léamh?” ar seisean.

Agus tá rud le rá agam libhse, a ghintlithe: Sa mhéid gurb aspal na ngintlithe mé, is ag méadú m'fheidhmeannais a bheidh mé

Dá réir sin is ambasadóirí thar ceann Chríost sinne mar gur trínne atá Dia ag achainí. Is é a impímid oraibh in ainm Chríost athmhuintearas a dhéanamh le Dia.

Ghabh aingeal an Tiarna suas ó Ghilgeál go Bocaím, agus dúirt: “Thug mé aníos ón Éigipt thú agus sheol mé isteach sa tír seo thú a mhionnaigh mé a thabharfainn do bhur n‑aithreacha. Dúirt mé: ‘Ní bhrisfidh mé mo chonradh libh go brách.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí