Biblia Todo Logo
Tagairtí Cros

- Fógraí -



Iób 33:20

An Bíobla Naofa 1981

Agus bia ag cur masmas dearg air; Agus gráin ó chroí aige ar shóláis;

Féach an chaibidil Cóip

7 Tagairtí Cros  

Chonaic an bhean gur mhaith le hithe toradh an chrainn, agus gur gheal leis an tsúil é agus gur dhíol dúile é ar son an fheasa a thug sé. Thóg sí, más ea, cuid dá thoradh agus d'ith é; thug sí cuid de chomh maith dá fear a bhí ina teannta, agus d'ith sé é.

Mar bhia tagann chugam m'osnaíl Agus scaoiltear le m'uchláin ina dtuile.

Diúltaíonn m'anam a shuaimhneas a cheapadh; tá breoiteacht mo choirp á shuaitheadh.

Óir tá mo laethanta ag leá amhail deatach; tá mo chnámha ar loscadh amhail tine.

Agus bhí mé ag ceapadh: Cé mar ba mhaith liom thusa a áireamh ar mo chlann mhac, agus go dtabharfainn duit dúiche aoibhinn, an oidhreacht is deise ar na ciníocha uile. Cheap mé go dtabharfása orm: rí Athair liom, agus nach n‑imeofá go deo ó mo lorg.

Ar an ábhar sin, de bhrí go satlaíonn sibh ar an mbochtán, agus go gcuireann sibh ainchíos cruithneachta air, na tithe sin a thóg sibh le clocha snoite ní chónóidh sibh iontu; na fíonghoirt thaitneamhacha a chuir sibh ní ólfaidh sibh a bhfíon.




Lean orainn:

Fógraí


Fógraí