Agus ansin d'fhreagair Eilíhiú mac Bharacael agus dúirt: Táim ar bheagán blianta Agus sibhse in bhur seanóirí, Uime sin bhí eagla agus ceann faoi orm Mo smaointe a nochtadh.
Ach tháinig racht feirge ar Eilíhiú mac Bharacael ó Bhúz, de chlann Rám. Bhí a racht dírithe ar Iób mar gur mheas seisean nárbh é Dia ach é féin a bhí sa cheart.
Íocaigí do chách a bhfuil dlite dó, mar sin: an cháin d'fhear na cánach agus an dleacht d'fhear na dleachta, urraim don té is díol urraime agus ómós don té is díol ómóis.
Mar an gcéanna libhse is óige ná sin, bígí umhal do na seanóirí. Cuirigí umaibh, gach duine agaibh, an umhlaíocht i leith a chéile, mar “cuireann Dia in aghaidh lucht an uabhair, ach bronnann sé a ghrásta ar lucht na humhlaíochta.”